The Limerick Tumblers

Composed by Terry Moylan © 1997.  Republished © 1999 Brooks Academy.
Translated by Antaine Ó Faracháin.

The Limerick Tumblers set was composed by Terry Moylan in response to a commission from Dr. Mícheál Ó Súilleabháin of Limerick University. Dr. Ó Súilleabháin had composed a piece of music for the celebrations marking the 800th anniversary of Limerick's city charter, which he called "The Limerick Tumblers". (A Limerick Tumbler is a kind of homing pigeon.) As he had written the piece in 12/8 time, which is also used for slides, he wished to have a figure of a set to go along with it, and by extension, a set which
would contain the figure. The set was danced to his music for the first time in Limerick in October 1997, and has since been performed to the original music throughout Ireland and Britain.  Terry Moylan describes the set, and how it was composed:
  

As the original commission was for a slide figure, I decided the set which contained it should be a polka set, so I decided to model the set loosely on the Sliabh Luachra or Kenmare polka sets. So the figures could be danced to polkas, with a slide and a hornpipe to finish.  I had always said that if I ever composed a set, each figure should "end with the music", that is the musicians should be at the end of a tune and not half way or a quarter or three quarters way through one when the figures finish. This provided an outer constraint into which I tried to fit the figures.  I decided that the figures should be of average length. Figures as short as the South Galway or Ballyvourney Reel sets are too short, and figures from such sets as the Victoria and Televara are too long.  Each figure contains only one dance motif, which I believe is enough.  When two or more different movements are included in a figure they no longer feel like set-dance figures and are more like céilí dances.  Given that the length is contrained to 96, 128 or 160 bars (average length annd full tunes) the task was to come up with enjoyable movements and arrange them symmetrically for one, two or four couples within those lengths. 

The first figure is based on the first figure of the Sliabh Luachra set, with a twist. I once had the pleasure of watching John Taimín from Cuas dancing the show-the-lady figure of the Corca Dhuibhne set. Instead of sticking to the "setting step and double house" of the books, he just danced for 16 bars, improvising his movements and directions. I though it would be a good idea to give people the knowledge that this is an option. So "show the lady" is freeform - just dance!

The second figure is based on one of the figures of the Jenny Lind, which I like so much I took the movement, and turned it inside-out and upside-down to make my figure.

The third figure contains several conventional moves put together in a different way, and is based on the idea of continuous motion. In the first figure one couple dance the figure at a time; in the second two couples at a time; in the third all four couples are dancing all the time.

The fourth figure doesn't fit my time constraint because it was written to fit the already-written "Limerick Tumblers" music which contained 200 bars.  It contains mostly stock movements, again combined in a new way. The slide in the direction of the next couple was contributed by Mary Friel. The change partners in the middle is new. It should be done, if possible, while dancing, without breaking step. It is an attempt to change partners "on the move". 

The fifth figure is a "change-partner" hornpipe figure, in keeping with the models I used of other polka sets. the manner of changing partners is different, and incorporates a movement from the Kenmare polka set.  The set is written to be danced to any polkas, slides and hornpipes, like any other polka set.


The Limerick Tumblers - Figure 1

An chéad fhigiúr Pólcaí - 160 barra

Seasamh ag an tús: Beireann gach beirt greim Waltz ar a chéile.
A An Chabhail Damhsaíonn gach beirt céim amháin i dtreo lár an seite, agus céim amháin siar i dtreo a n-áiteanna féin (2 bharra). Ansin damhsaíonn siad dhá chéim deiseal, go dtí áit na beirte ar thaobh na láimhe deise díobh (2 bharra).
Déantar an ghluaiseacht seo trí uaire eile len iad a thógáil ar ais go dtí a n-áiteanna féin.
16 bharra
B Figiúr Damhsaíonn an chéad bheirt ar bharr an seite timpeall a’ tí. Tá cead a gcinn acu dul timpeall a’ tí cibé cén chaoi a thograíonn siad mar : Timpeall a’ tí agus ar ais sa mbaile, Timpeall a’ tí agus cearnóg, Céim seite agus timpeall a’ tí faoi dhó, An cheiithre bhrú, An pólca siúlóide, Timpeall a’ tí agus timpeall a’ tí dúbailte, nó cibé cén tslí is maith leo. 16 bharra
C An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
D Figiúr Damhsaíonn an chéad bheirt ar thaobh an seite an figiúr cibé cén chaoi is maith leo. 16 bharra
E An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
F Figiúr Damhsaíonn an dara bheirt ar bharr an seite an figiúr cibé cén chaoi is maith leo. 16 bharra
G An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
H Figiúr Damhsaíonn an dara bheirt ar thaobh an seite an figiúr cibé cén chaoi is maith leo.  16 bharra
I An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
J Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra

The Limerick Tumblers - Figure 2

An dara fhigiúr Pólcaí - 128 barra

Seasamh ag an tús: Beireann gach beirt greim Waltz ar a chéile.
A An Chabhail Damhsaíonn gach beirt céim amháin i dtreo lár an seite, agus céim amháin siar i dtreo a n-áiteanna féin (2 bharra). Ansin damhsaíonn siad dhá chéim deiseal, go dtí áit na beirte ar thaobh na láimhe deise díobh (2 bharra).  Déantar an ghluaiseacht seo trí uaire eile len iad a thógáil ar ais go dtí a n-áiteanna féin. 16 bharra
B Figiúr (a) Ar aghaidh, ar chúl agus gabháil tríd. Gluaiseann na fir ar bharr an seite agus a gcuid phairtnéirí, ar aghaidh ‘s ar chúl, lámh dheas le lámh dheas (4 bharra),casann na fir na mná go taobh na láimhe clé agus gabhann na beirteanna trína chéile, fir ar an taobh istigh. 8 mbarra
(b) Ar aghaidh, ar chúl agus gabháil tríd. Déanann na fir ar bharr an seite agus na mná a bhí ar thaobh an seite an ghluaiseacht thuas arís. Téann siad ar aghaidh agus gabhann siad thríd ar an gcaoi chéanna ach an uair tógann na mná na fir go taobh na láimhe clé díobh agus gabhann na mná tríd ar an taobh istigh. 8 mbarra
(c) Ar aghaidh, ar chúl agus gabháil tríd. Déanann na fir ar thaobh an seite agus a gcuid phairtnéirí mar atá thuas, na fir ag tógáil na mná go taobh na láimhe clé díobh, agus na fir ag gabháil tríd an lár. 8 mbarra
(d) Ar aghaidh, ar chúl agus gabháil tríd. Déanann na fir ar thaobh an seite agus na mná a bhí ar bharr an seite mar atá thuas, na mná ag tógáil na fir go taobh na láimhe clé díobh, agus na mná ag gabháil tríd an lár. 8 mbarra
C An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
D Figiúr Déanann gach beirt an figiúr arís.  32 bharra
E An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
F Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra

The Limerick Tumblers - Figure 3

An tríú figiúr Pólcaí - 96 barra

Seasamh ag an tús: Beireann gach damhsóir ar lámha a p(h)airtnéara, lámha chun tosaigh, agus iad ag breathnú tuathail timpeall an seite.
A Gabháil Timpeall Gabhann na beirteanna ar fad timpeall, go dtí go bhfilleann siad ar a n-áiteanna féin. Agus iad ag teacht i láthair ina n-áiteanna féin, scaoileann siad an lámh dheas agus casann gach fear a phairtnéir, deiseal, faoina lámh chlé chun na mná a thógáil isteach go lár an seite, áit a dhéanann siad roth leis an lámh dheas.  8 mbarra
B Roth na mBan Gluaiseann na mná deiseal timpeall an seite mar roth, ’fhad is atá mBan na fir ag damhsa timpeall ar an taobh amuigh den seit sa treo eile. 8 mbarra
C Ar aghaidh ‘s ar chúl (a) Agus na fir ar bharr an seite ag sroichint a n-áiteanna féin buaileann siad buaileann siad lena bpairtnéirí féin ag teacht ina dtreo, agus tógann siad a lámh chlé siúd ina lámh chlé féin. Tógann siad freisin lámh dheas na mban atá ar an taobh ar dheis díobh, ag déanamh dhá ghrúpa de thriúr, in áiteanna bharraí an seite. Casann na mná faoi lámha na bhfear chun féachaint isteach sa seit. Gabhann an dá ghrúpa de thriúr agus an bheirt fhear atá ina n-aonair ar aghaidh ‘s ar chúl faoi dhó. Ar an dara uair fanann na mná istigh, fágann siad fir bharr an seite, agus casann siad faoi lámha go fir thaobh an seite.  8 mbarra
(b) Déanann na damhsóirí an ghluaiseacht thuas arís ó áiteanna na dtaobhanna. Ar an dara chúlú siar, cuireann gach bean a lámh chlé i lámh chlé a pairtnéara agus casann siad beirt i dtreo a chéile don ghabháil timpeall.  8 mbarra
D Gabháil Timpeall Déanann gach beirt A arís. 8 mbarra
E Roth na mBan Déanann gach beirt B arís. 8 mbarra
F Ar aghaidh ‘s ar chúl Déanann gach beirt C arís, leis na fir ag taobh an seite ag damhsa i dtriúranna i dtosach.  16 bharra
G Gabháil Timpeall Déanann gach beirt A arís. 8 mbarra
H Roth na mBan Déanann gach beirt B arís. 8 mbarra
I Luascadh Agus iad ag sroichint a n-áiteanna féin buaileann na beirteanna le chéile agus luascann siad ina n-áiteanna féin. 8 mbarra

The Limerick Tumblers - Figure 4

An ceathrú figiúr Sleamhnáin - 200 barra

Seasamh ag an tús: Breathnaíonn na beirteanna ar fad tuathail, timpeall an seite, na fir ar an taobh istigh lena lámh dheas thar timpeall ar chom a bpairtnéirí, lámh chlé na mban ar ghualann dheas na bhfear.
A Gabháil Timpeall Gabhann na beirteanna ar fad timpeall, go dtí go sroicheann siad a n-áiteanna féin. 8 mbarra
B Sleamhnán Damhsaíonn gach beirt ar aghaidh i dtreo na n-áiteanna atá ar dheis díobh (2 bharra), ar ais go h-áit (2 bharra), agus ansin, i ngreim waltz, leath-bhealach timpeall a’ tí go dtí áit na beirte ós a gcomhair (4 bharra). Déantar na gluaiseachtaí seo arís chun iad a thógáil ar ais go dtí na háiteanna inar thosaigh siad. 16 bharra
C Figiúr (a) Timpeall a’ tí. Damhsaíonn na beirteanna atá ar bharr an seite thar timpeall a’ tí. 8 mbarra
(b) An Chearnóg agus malartú na bpairtnéirí: Damhsaíonn na beirteanna atá ar bharr an seite 1..2..123 go dtí an áit ar dheis díobh, agus 1..2..123 ar chúl go dtí na háiteanna os comhair a n-áiteanna féin (4 bharra) agus ansin damhsaíonn siad leath-bhealach timpeall a’ tí le críochnú ag féachaint ar a chéile i lár an seite (4 bharra). Ag sroichint na n-áiteanna seo dóibh is ceart do gach beirt oscailt sa gcaoi is go bhfuil an fear dena chéad bharraí ar aghaidh na mná dena dara bharraí agus vice versa. Malartaíonn na damhsóirí a gcuid phairtnéirí ansin.  8 mbarra
(c) Timpeall a’ tí:Damhsaíonn na beirteanna atá ar bharr an seite thar timpeall a’ tí. 8 mbarra
(d) An Chearnóg agus malartú na bpairtnéirí: Déanann an dá bheirt nua C(b) arís len iad a thógáil ar ais dá gcuid phairtnéirí féin. 8 mbarra
(e) Timpeall a’ tí: Damhsaíonn na beirteanna atá ar bharr an seite thar timpeall a’ tí. 8 mbarra
(f) Luascadh na Nollag: Ag an deire de Thimpeall a’ tí, buaileann an dá bheirt i lár an seite, déanann siad ciorcal de cheathrar, agus luascann siad. 8 mbarra
(g) Luascadh: Briseann na barraí amach ó Luascadh na Nollag agus luascann siad ina n-áiteanna féin. Luascann na taobhanna freisin. 8 mbarra
D Gabháil Timpeall Déanann gach beirt A arís. 8 mbarra
E Sleamhnán Déanann gach beirt B arís. 16 bharra
F Figiúr Déanann na taobhanna C arís. 56 bharra
G Gabháil Timpeall Déanann gach beirt A arís. 8 mbarra
H Sleamhnán Déanann gach beirt B arís. 16 bharra
I Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra

The Limerick Tumblers - Figure 5

An cúigiú figiúr Cornphíopaí - 160 barra

Seasamh ag an tús: Beireann gach beirt greim Waltz ar a chéile.
A An Chabhail Damhsaíonn gach beirt céim amháin i dtreo lár an seite, agus céim amháin siar i dtreo a n-áiteanna féin (2 bharra). Ansin damhsaíonn siad dhá chéim deiseal, go dtí áit na beirte ar thaobh na láimhe deise díobh (2 bharra).
Déantar an ghluaiseacht seo trí uaire eile len iad a thógáil ar ais go dtí a n-áiteanna féin.
16 bharra
B Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra
C Ciorcal agus Malartú Phairtnéirí (a) Beireann gach damhsóir ar lámha a chéile i gciorcal agus damhsaíonn agus siad céim amháin isteach sa lár, greadann siad cos ar an gceathrú buille, agus damhsaíonn céim amháin siar go dtí a n-áiteanna (2 bharra).
(b) Scaoileann gach damhsóir lámh lena p(h)airtnéir féin. Damhsaíonn na mná taobh thiar dena fir, ag casadh deiseal faoina lámha clé siúd, chun gluaiseacht go dtí áit na mban ar thaobh na láimhe deise díobh, ‘fhad is atá na fir ag casadh ina n-áit féin, gach damhsóir ag críochnú ag féachaint amach ón seit (2 bharra). 
(c) Scaoileann na beirteanna lámha arís, agus beireann siad lámha leis na damhsóirí ar an taobh eile díobh. Téann na mná thar na fir arís, ag casadh faoi lámha dheasa na bhfear, agus an bheirt damhsóir ag casadh chun féachaint isteach sa seit (2 bharra).
(d) Scaoileann na beirteanna lámha arís, agus beireann siad lámha leis na damhsóirí ar an taobh eile díobh, ‘fhad is a bheireann na fir ar lámha dheasa na mban lena lámha clé féin, damhsaíonn na mná taobh thiar díobh go dtí áiteanna phairtnéirí na bhfear, na fir ag casadh chun féachaint ar na mná agus beireann greim waltz. Beidh na mná faoin am seo, tar éis bogadh trí áit timpeall an seite (2 bharra). 8 mbarra
D An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
E Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra
F Figiúr Déan C arís chun na mná a thógáil go dtí na h-áiteanna ós a gcomhair. 8 mbarra
G An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
H Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra
I Figiúr Déan C arís chun na mná a thógáil go dtí na h-áiteanna ar dheis dá n-áiteanna féin  8 mbarra
J An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
K Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra
L Figiúr Déan C arís chun na mná a thógáil ar ais go dtí a n-áiteanna féin.  8 mbarra
M An Chabhail Déanann gach beirt A arís. 16 bharra
N Timpeall a’ tí Damhsaíonn gach beirt timpeall a’ tí. 8 mbarra